Tuarascáil Speisialta 77 – Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath

Foilsithe 31 Bealtaine 2012

Ceapadh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste mar iniúchóir ar Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath (an tÚdarás) ag tosú an bhliain airgeadais 2010. Eisíodh tuairisc iniúchóireachta ar ráitis airgeadais an Údaráis don bhliain sin ar 7 Samhain 2011. Chomh maith leis sin, d’ullmhaigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste tuairisc speisialta i leith an Údaráis, chun cuntas níos iomláine a thabhairt ar stádas foriomlán airgeadais agus riaracháin an Údaráis, ar bhainistiú a infheistíochta sa láthair Irish Glass Bottle, agus ar an gcaoi a bhfuil a fheidhm pleanála á riar.